Bullaitín do láithreán gréasáin an tionscadail maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin le linn srianta Covid-19 De réir na dtreoirlínte náisiúnta do thionscadail bhonneagair, tá an chéad chéim de thionscadal N25 Phort Láirge go Gleann Mór curtha i gcrích agus dearbhaíonn sé go bhfuil an straitéis ag teacht le beartais agus cláir reatha agus an gá atá leis an scéim agus a cuspóirí aitheanta ann. Laistigh de limistéar staidéir an tionscadail, sainaithníodh raon leathan srianta agus gnéithe a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar shainaithint agus ar mheasúnú scéim na roghanna inmharthana.
Táimid in ann teagmháil a dhéanamh leis an bpobal anois, cinneadh an staidéir srianta a chur i láthair agus aiseolas a lorg ar roghanna na scéimeanna a shainaithníodh mar chuid de Chéim 2 - Roghnú Rogha Dorcla.
De réir srianta agus comhairle reatha Covid-19, caithfear gach comhairliúchán agus cruinniú poiblí an tionscadail a chur siar go dtí go dtabharfar fógra nua. Tá sé beartaithe, a luaithe is a thógfar srianta Covid-19, go mbeidh cruinniú den Chomhairliúchán Poiblí eagraithe chun torthaí an staidéir srianta agus na roghanna aitheanta a chur i láthair, agus chun aiseolas an phobail a lorg. Fógrófar an imeacht comhairliúcháin tionscadail seo ar an láithreán gréasáin seo, ar na meáin áitiúla agus uaslódáilfear faisnéis ábhartha roimh ré.
Sa gcás go leanfaí le srianta Covid-19, tá bealaí difriúla á lorg chun rannpháirtíocht is aiseolas an phobail a fháil. Is dóigh go mbeidh siad seo i bhfoirm comhairliúcháin ar líne, thríd láithreán gréasáin an tionscadail, i dteannta le faisnéis sna nuachtáin áitiúla. Fógrófar sonraí beachta na gcomhairliúchán seo, má eagraítear iad, roimh ré freisin ar láithreán gréasáin an tionscadail agus sna nuachtáin áitiúla a scaiptear i limistéar na scéime. Idir an dá linn, beidh muid ag freagairt ceisteanna ar an scéim ar an bhfón nó i bhfoirm ríomhphost. Is féidir na sonraí teagmhála a fháil ag ‘Déan Teagmháil Linn’ ar an nGréasán. Leanfaidh foireann an tionscadail orthu ag comhlíonadh a ndualgas, ach ní rachaidh aon phríomhchinntí tionscadail a éilíonn ionchur nó aiseolas ón bpobal ar aghaidh go dtí go mbeimid in ann teagmháil dhíreach a dhéanamh trí chomhairliúchán poiblí.